Ceannach as Gaeilge

Is féidir cárta Leap a cheannach trí Ghaeilge ach teagmháil a dhéanamh lenár ngníomhaire Gaeilge inár n-ionad teagmhála.

Treoróidh an gníomhaire tríd an bpróiseas iarratais thú. Áireofar leis sin an íocaíocht agus an postas chuig an seoladh is rogha leat.

Tabharfaidh an gníomhaire eolas duit faoi shonraí bainc an chuntais ar cheart duit an íocaíocht a aistriú chuige toisc nach féidir glacadh le cártaí creidmheasa ar an bhfón.

A luaithe a fhaightear an íocaíocht, eagraíodh an gníomhaire aisghlao chun an próiseas iarratais a mhíniú.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár ngníomhaire Gaeilge ag na huimhreacha seo:

Cúram Custaiméirí: 0818 824 824

Glaonna ó áiteanna lasmuigh d’Éirinn: +353 (1) 517 1528

Luan go hAoine ó 7am go 7pm

Satharn agus Laethanta Saoire Bainc ó 9am go 3pm

Dúnta ar an Domhnach, ar Lá Nollag, ar Lá Fhéile Stiofáin agus ar Lá na Bliana Nua